Shaskeen Press 2010 As Gaeilge

SHASKEEN

Ag Déanamh Ceóil le Dhá Scór Bliain

Is bliain ar leith í an bhliain 2010 do cheóltóirí an ghrúpa Shaskeen, mar go bhfuil siad ag ceiliúradh an 40ú bliain i saol an bhanna ceóil sin. Is iomaí halla, óstán, tábhairne, cúinne agus coirnéal sráide ar fud an domhain mhóir ar chuir Shaskeen ceól na h-Éireann ó's comhair an phobail, ina stíl áirithe féin, i rith na mblianta sin.

Tá glúin iomlán éisteóirí fásta suas le ceól an bhanna seo ó thosaigh siad ag seinm de'n chéad uair i dteach ósta an Oxford Tavern, Kentish Town i gcathair Londain sa mbliain 1970. Idir sin agus seo, d'fhág go leór ceóltóirí agus amhránaithe breátha a rian ar chúrsaí ceóil an bhanna agus tá ceól Shaskeen beó, bríomhar fós.

Is ó'n ríl "Shaskeen" a tháinig ainm an bhanna agus is cinnte gurb' é a dtóir ar cheól rince ha h-Éireann a thug Tom Cussen, Benny O'Connor, Seán MacDonncha, Johnny Minogue agus Máirín Minogue le chéile an chéad lá ariamh chun an banna seo a bhunú. 'Sé Tom Cussen an stiúrthóir agus an ceannaire ó shin i leith, agus 'siad Éamonn Cotter, Peatsaí MacDonncha, Johnny Donnellan, Pat Costello, Pat Broderick, Tony Howley agus Geraldine Cotter na baill eile faoi láthair.

Tháinig an chéad athrú bunúsach ar fhoireann Shaskeen sa mbliain 1972, nuair a d'aistrígh Tom agus Benny ar ais go h-Éirinn. Le cúnamh ó P J Ó h-Iarnáin agus John Dooley, cuireadh Shaskeen ar an mbóthar aríst agus ba gheárr go raibh cliú agus cáil orthu sa mbaile agus i gcéin. Bhí a lucht leanúna i n-Éirinn agus sa mBreatain ag méadú i n-aghaidh an lae agus, ní nach íonadh, scaip a gcáil ar fud na h-Eórpa agus na Stáit Aontaithe de réir a chéile. De bhárr na 15 d'albaim atá curtha amach ag an mbanna thar na blianta, chomh maith leis an méid taistil atá déanta acu ar fud an domhain, tá aithne mhaith ag lucht éisteachta an cheóil traidisiúnta ar Shaskeen na laetheanta seo.

Mar a léiríonn na nótaí eólais atá leis na ceirníní, caiséidí agus dlúth-dhioscaí éagsúla, bhí baint ag ceóltóirí agus léiritheóirí cumasacha le táirgeadh na dtaifeadaithe sin - daoine ar nós Dermot O'Brien(nach maireann), P J Curtis agus Kieran Hanrahan.

Deireann Tom Cussen: "Tháinig muid suas i naghaidh riar maith constaicí agus deacrachtaí i rith an dá scór bliain seo caite, ach d'éirigh linn teacht slán astu ar fad agus táimíd an-bhródúil go bhfuil an t-ainm "Shaskeen" agus ár lorg áirithe féin ar an gceól traidisiúnta le feiceál agus le cloisteáil go flúirseach i gcónaí. Tháinig go leór athraithe ar an saol i rith na mblianta, go mór-mhór ar chúrsaí eacnamaíochta agus cumarsáide. Agus, ar ndóigh, tháinig na "disco's" agus na clubanna oiche ar an láthair, freisin. Ach bhíomar inann dul i ngleic go fiúntach leis na h-athraithe sin ar fad gan aon stró, agus is dócha gur b'shin ceann de na buntáistí is mó atá againn mar bhanna ceóil, agus táimíd an-mhórálach as sin."

Is fíor gur ábhar ceiliúradh é do comhluadar ar bith 40 bliain a shárú go rathúil, agus tá sé i gceist ag an mbanna é sin a dhéanamh i mbliana. Tá mór-chuid dátaí tríd an mbliain curtha i n-áirithe cheana féin i gcóir coirmeacha ceóil ar fud na tíre agus thar lear ach, ó's rud é gur i Mí na Beáltaine na bliana 1970 a chuir Shaskeen a gcuid ceóil i láthair an phobail de'n chéad uair, tá sraith speisialta ceól-choirmeacha socraithe i mBeáltaine na bliana seo. Ócáidí ar leith a bhéas ins' na coirmeacha seo ná'r cheart d'aon duine de lucht leanúna Shaskeen ná, go deimhin, de lucht leanúna an cheóil traidisiúnta i gcoitinne, a chailleadh.

Níl sé i gceist, faoi láthair, aon taifeadadh nua a dhéanamh go luath, mar gur i dtús na bliana anuraidh a tháinig an ceann deireannach (an cúigiú ceann déag) ar an margadh, ach tá faoin mbanna cnuasach de na sean-taifeadaithe d'ath-fheistiú ar dlúth-dhiosca nua, mar chomhartha ómóis do na ceóltóirí agus na h-amhránaithe ar fad a bhí páirteach i scéal Shaskeen thar na blianta.

Ní miste a rá go raibh, agus bhfuil fós, tionchar ollmhór ag Shaskeen ar chaomhnú agus ar fhorbairt an cheóil traidisiúnta sa mbaile agus i gcéin. Anois, agus an banna ag tabhairt aghaidh ar an todhachaí, tá siad fós lán le dóchas, aidhmeanna agus mianta, díreach mar a bhí siad dhá scór bliain ó shin ach, an geábh seo, tá mór-thacaíocht a gcáirde agus a lucht leanúna mar bhua acu.